Sa bhliain 1948, ghlac na Náisiúin Aontaithe le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, ina leagtar amach na bunchearta agus bunsaoirsí atá ag gach duine daonna. Áiríonn na cearta sin:

  • Cearta sibhialta agus polaitiúla, mar shampla: ceart chun na beatha, an ceart triail chothrom a fháil, saoirse smaointeoireachta agus tuairimíochta, agus an ceart nach ndéanfaí tú a chéasadh.
  • Cearta eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha, mar shampla: an ceart chun na hoibre, an ceart bheith i do bhall de cheardchumann, ceart chun na sláinte, ceart chun an oideachais agus an ceart caighdeán leorga maireachtála a bheith agat.

Ó shin áiríodh na cearta arna leagan amach sa Dearbhú Uilechoiteann i roinnt mhaith comhaontuithe, dearbhuithe agus rún idirnáisiúnta.

Dhaingnigh Éire sé cinn de na naoi gcroíchomhaontú idirnáisiúnta um chearta an duine: an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, agus comhaontuithe sonracha a bhain le deireadh a chur le hidirdhealú ciníoch, idirdhealú i gcoinne na mban, cearta leanaí, agus cosaint ar chéasadh. Tá súil ag Éirinn daingniú a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún um Chearta Daoine faoi Mhíchumas faoi dheireadh 2016. Go nuige seo, níor dhaingnigh Éire comhaontuithe a bhain le cosaint ar fhuadach go héigeantach agus ar chearta na n-inimirceach.

Chomh maith leis sin, tá Éire tar éis an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a dhaingniú, atá i measc roinnt comhaontuithe tábhachtacha réigiúnacha atá i bhfeidhm ar fud an domhain.

I gcás go ndaingníonn Éire comhaontú um chearta an duine, glacann sí uirthi féin oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta. Ceanglaítear ar an tír ansin dlíthe agus beartais a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go n-urramófar sa Stát na cearta atá cuimsithe sa chomhaontú sin. Ciallaíonn sé sin go réadaítear ar an leibhéal náisiúnta na cearta daonna a ráthaítear faoin dlí idirnáisiúnta.   Bíonn páirt againn go léir i réadú na gceart sin – ag obair ar fud na sochaí ar mhaithe le dlíthe, beartais agus cleachtais a bhfuil caighdeáin arda ceart daonna ag baint leo.

Anuas air sin, tá bealaí sonracha ann dúshlán a thabhairt do na dlíthe agus na cleachtais a dteipeann orthu dul i ngleic go himleor le cearta an duine. Mar shampla, i gcás nach n-urramaíonn dlíthe agus cleachtais cearta bunúsacha arna leagan amach i mBunreacht na hÉireann nó i gcás nach bhfuil siad ag cloí leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, is féidir dúshlán a thabhairt dóibh i gcúirteanna na tíre. Tá modhanna eile ann freisin ar an leibhéal réigiúnach agus idirnáisiúnta chun é sin a dhéanamh. Ina measc tá an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus an Coiste Eorpach um Chearta Sóisialta, atá faoi scáth Chomhairle na hEorpa. Chomh maith leis sin, i ngach ceann de na comhaontuithe idirnáisiúnta um chearta an duine tá comhlacht ar leith ailínithe leis, a dhéanann monatóireacht ar a mhéid is atá na stáit indibhidiúla ag cur i bhfeidhm fhorálacha an chomhaontaithe.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an gcreat um chearta an duine in Éirinn le fáil anseo.