De réir dhlíthe an Aontais Eorpaigh agus na hÉireann tá sé i gcoinne an dlí idirdhealú éagórach a dhéanamh san fhostaíocht agus sa rochtain a thugtar do dhaoine ar earraí agus seirbhísí.

Is éard is idirdhealú éagórach ann caitheamh le fostaí amháin ar bhealach níos neamhfhabhraí ná fostaí eile bunaithe ar inscne, cine nó aois.

Dlíthe Comhionannais an Aontais Eorpaigh

Seo a leanas príomhdhlíthe comhionannais an Aontais Eorpaigh:

  • An Treoir um Chomhionannas Inscne (2006/54/EC), a chuimsíonn go gcaithfí go cothrom le fir agus mná san fhostaíocht;
  • An Treoir um Chomhionannas Inscne in Earraí agus Seirbhísí  (2004/113/EC), a dhearbhaíonn go gcaithfear caitheamh go cothrom le fir agus mná sa soláthar earraí, seirbhísí agus saoráidí;
  • An Treoir um Chomhionannas Ciníoch  (2000/43/EC), a eisreachtaíonn idirdhealú éagórach ar bhonn bonn eitneach i gcúrsaí fostaíochta, oideachais, slándála sóisialaí, cúraim sláinte agus rochtain ar earraí agus seirbhísí; agus
  • The Treoir um Chomhionannas Fostaíochta (2000/78/EC), a chuireann cosc ar idirdhealú éagórach san fhostaíocht ar bhonn creidimh, aoise, míchumais agus gnéaschlaonta.

In 2008, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Treorach ag déileáil le hidirdhealú éagórach sa rochtain ar earraí agus seirbhísí ar bhonn aoise, gnéaschaonta, creidimh agus míchumais. Níor ritheadh an dlí seo fós.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi obair an Aontais Eorpaigh ar chomhionannas inscne anseo  agus faoi dhéileáil le hidirdhealú éagórach i gcoitinne anseo.  Tá leabhrán úsáideach ar fáil a mhíníonn do chearta faoi dhlí AE anseo.

Cearta Comhionannais na hÉireann

Mar Bhallstát den Aontas Eorpach, tá sé de cheangal ar Éirinn forálacha na dTreoracha AE seo a rith ina ndlíthe náisiúnta.

De réir dhlíthe na hÉireann tá sé i gcoinne an dlí idirdhealú éagórach a dhéanamh ar naoi bhforas éagsúla seo: inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, míchumas, creideamh, aois, cine agus ballraíocht den lucht taistil. Tá na forais seo go léir cosanta ó idirdhealú éagórach san fhostaíocht agus sa rochtain ar sheirbhísí agus saoráidí.

  • Déanann na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta cur chun cinn ar chomhionannas fostaíochta agus cosnaíonn siad oibrithe i gcoinne idirdhealú éagórach agus ciaptha a d’fhéadfadh a tharlú agus iad ag obair– mar shampla, i réimsí cosúil le rochtain ar fhostaíocht agus gairmoiliúint, pá comhionann, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, agus ardú céime.
  • Déanann na hAchtanna um Stádas Comhionann daoine a chosaint ar idirdhealú éagórach agus ar chiapadh agus iad ag ceannach earraí nó ag úsáid gnáthsheirbhísí, mar shampla ag cur teach ósta in áirithe nó rochtain seirbhísí sláinte poiblí.

An ndearnadh idirdhealú éagórach ortsa? 

Má dóigh leat go ndearna fostóir nó soláthróir seirbhísí idirdhealú éagórach ortsa i réimse atá cuimsithe faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, is féidir leat do chás a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Ionad Oibre (WRC).

Chun gearán a dhéanamh faoi áitreabh ceadúnaithe nó club cláraithe, is gá duit do chás a chur faoi bhráid na Cúirte Dúiche..

Ní mór a mheabhrú go bhfuil teorainneacha ama ann ó thaobh do ghearán a dhéanamh. Chun gearán a dhéanamh faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann is gá duit fógra a thabhairt don té nó don eagraíocht a mbeidh an gearán á dhéanamh agat fúthu laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an idirdhealaithe. I gcoitinne, is gá gearáin faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann a dhéanamh laistigh de thréimhse sé mhí.

Tá tuilleadh eolais faoi conas do ghearán a dhéanamh agus na foirmeacha iomchuí go léir le fáil ar shuíomh gréasáin WRC, www.workplacerelations.ie,  nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar an uimhir Lóghlao: 1890 80 80 90.

Seans go gcuirfidh an Coimisiún um Chaidreamh san Ionad Oibre seirbhís eadrána ar fáil duit – trínar féidir leatsa agus an té a bhfuil tú ag gearán faoi/fúithi teacht ar réiteach, a mbeidh ceangal dlí ag baint leis..

Mura mbaintear leas as an bpróiseas eadrána nó mura n-éiríonn leis an bpróiseas sin, féadtar an gearán a atreorú chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Ionad Oibre a reáchtálfaidh fiosrúchán agus a eisíodh cinneadh atá ceangailteach ó thaobh an dlí de.

I gcás go seasann an t-oifigeach breithniúcháin le do ghearán, i measc na réiteach atá ann tá: cúiteamh, ordú go n-íocfaí pá comhionann leat nó go gcaithfí leat go comhionann, agus/nó ordú go gcuirfeadh duine éigin beart sonraithe i bhfeidhm. Féadtar achomharc a dhéanamh ar gach cinneadh a dhéanann an t-oifigeach breithniúcháin – chuig an gCúirt Oibreachais do chásanna fostaíochta nó pinsin agus chuig an gCúirt Chuarda do chásanna maidir le stádas comhionann – laistigh de thréimhse 42 lá ó eisiúint an chinnidh.